New Events

International

no events posted in last week

Blog Feeds

Public Inquiry
Interested in maladministration. Estd. 2005

offsite link RTEs Sarah McInerney ? Fianna Fail supporter? Anthony

offsite link Joe Duffy is dishonest and untrustworthy Anthony

offsite link Robert Watt complaint: Time for decision by SIPO Anthony

offsite link RTE in breach of its own editorial principles Anthony

offsite link Waiting for SIPO Anthony

Public Inquiry >>

Human Rights in Ireland
Indymedia Ireland is a volunteer-run non-commercial open publishing website for local and international news, opinion & analysis, press releases and events. Its main objective is to enable the public to participate in reporting and analysis of the news and other important events and aspects of our daily lives and thereby give a voice to people.

offsite link Julian Assange is finally free ! Tue Jun 25, 2024 21:11 | indy

offsite link Stand With Palestine: Workplace Day of Action on Naksa Day Thu May 30, 2024 21:55 | indy

offsite link It is Chemtrails Month and Time to Visit this Topic Thu May 30, 2024 00:01 | indy

offsite link Hamburg 14.05. "Rote" Flora Reoccupied By Internationalists Wed May 15, 2024 15:49 | Internationalist left

offsite link Eddie Hobbs Breaks the Silence Exposing the Hidden Agenda Behind the WHO Treaty Sat May 11, 2024 22:41 | indy

Human Rights in Ireland >>

Lockdown Skeptics

The Daily Sceptic

offsite link News Round-Up Sun Jul 28, 2024 01:17 | Richard Eldred
A summary of the most interesting stories in the past 24 hours that challenge the prevailing orthodoxy about the ?climate emergency?, public health ?crises? and the supposed moral defects of Western civilisation.
The post News Round-Up appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link Green MP Proposes Sweeping Reforms to House of Commons in Maiden Speech Sat Jul 27, 2024 19:00 | Sean Walsh
The sweeping House of Commons reforms proposed by Green MP Ellie Chowns are evidence that the Mrs Dutt-Pauker types have moved from Peter Simple's columns into public life. We're in for a bumpy ride, says Sean Walsh.
The post Green MP Proposes Sweeping Reforms to House of Commons in Maiden Speech appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link Heat Pump Refuseniks Risk £2,000 Surge in Gas Bills Sat Jul 27, 2024 17:00 | Richard Eldred
With heat pump numbers forecast to rise, the energy watchdog Ofgem has predicted that bills for those who continue using gas boilers will surge.
The post Heat Pump Refuseniks Risk £2,000 Surge in Gas Bills appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link Debt-Funded GB Energy to Bet on the Costliest Electricity Generation Technologies Sat Jul 27, 2024 15:00 | David Turver
So much for Labour's pledge to cut energy bills by £300, says David Turver. Under GB Energy, our bills can only go one way, and that is up.
The post Debt-Funded GB Energy to Bet on the Costliest Electricity Generation Technologies appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link Christians Slam Paris Opening Ceremony for Woke Parody of ?Last Supper? Sat Jul 27, 2024 13:00 | Richard Eldred
Awful audio, bizarre performances, embarrassing gaffes and a woke 'Last Supper' parody that has outraged Christians turned the Paris Olympics opening ceremony into a rain-soaked disaster.
The post Christians Slam Paris Opening Ceremony for Woke Parody of ?Last Supper? appeared first on The Daily Sceptic.

Lockdown Skeptics >>

Voltaire Network
Voltaire, international edition

offsite link Netanyahu soon to appear before the US Congress? It will be decisive for the suc... Thu Jul 04, 2024 04:44 | en

offsite link Voltaire, International Newsletter N°93 Fri Jun 28, 2024 14:49 | en

offsite link Will Israel succeed in attacking Lebanon and pushing the United States to nuke I... Fri Jun 28, 2024 14:40 | en

offsite link Will Netanyahu launch tactical nuclear bombs (sic) against Hezbollah, with US su... Thu Jun 27, 2024 12:09 | en

offsite link Will Israel provoke a cataclysm?, by Thierry Meyssan Tue Jun 25, 2024 06:59 | en

Voltaire Network >>

Cá bhfuil cearta na ndíbeartach?

category international | rights, freedoms and repression | opinion/analysis author Friday July 11, 2003 15:11author by Seán Report this post to the editors

Ní bheidh síochán sa Mheánoirthear gan cearta fillte na bPalaistíneach

Is iad na teifigh seo agus a sliocht siúd a chuimsíonn an fhadhb teifeach is mó agus is leanúnaí ar domhan, le breis agus 3.2 milliún cláraithe ag na Náisiúin Aontaithe agus, gan dabht, go leor eile nach bhfuil cláraithe ach a bhfuil cónaí orthu i dtíortha cóngarach dá mbaile.

Tá breis agus cúig mhilliúin de theifigh Phalaistíneacha ar fud na cruinne atá ag éalú ceart fillte ar a mbailte sa Phalaistín, de réir Al-Awda, an Chomhghuaillíocht don Cheart Fillte Palaistíneach sa Bhreatain.

Tá na teifigh Phalaistíneacha ríthábhachtach sa chothromóid um réiteach sa Phalaistín.

Ní ceart morálta amháin atá ann ach bunchloch dleathach, an Ceart Fillte.

Ar 11 Nollaig 1948, ghlac na Náisiúin Aontaithe le Rún 194. Deir Alt 11 den Rún:
“…ba chóir ligean do na teifigh atá ag iarraidh filleadh ar a mbailte agus cónaí go síochánta lena gcomharsana faoin dáta is inoibrithe… ba chóir cúiteamh a íoc leo siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh.”

Tá sé de dhualgas dleathach agus morálta ag na Náisiúin Aonthaithe agus ar an Phobal Idirnáisiúnta féacháil chuige go réadaítear an Ceart Fillte seo.

Gach bliain, ó shin i leith, dearbhaíodh Rún 194 d’aon ghuth - seachas guth Iosrael agus na Stát Aontaithe, beagnach gach bliain.

Soiléirítear an Rún píosa níos mó ag Rún an Fheidhmeannas Ginéaralta an Náisiúin Aontaithe 3236, a dhéanann droimscríobh, i bhFo-Alt 2, ar
“…an ceart doshéanta ag na Palaistínigh filleadh ar a mbailte agus ar a maoin, óna raibh siad díláithrithe stoite, agus glaoitear orthu filleadh.”

Pointe is fiú a lua ná go raibh Rún Críochdheighilte na NA 181 agus teacht isteach Iosrael sna NA níos moille ag brath ar an choinníoll go nglacfadh Iosrael le Rúin na Náisiúin Aontaithe bainteach leo, Rún 194 san áireamh.

I rith agus tar éis bhunú stát Iosrael, cruthaíodh beagnach 800,000 teifeach Palaistíneach trí phróiseas a dtabharfaí ‘glanadh eitneach’ air sa lá atá inniu ann, de réir Al-Awda.

Is iad na teifigh seo agus a sliocht siúd a chuimsíonn an fhadhb teifeach is mó agus is leanúnaí ar domhan, le breis agus 3.2 milliún cláraithe ag na Náisiúin Aontaithe agus, gan dabht, go leor eile nach bhfuil cláraithe ach a bhfuil cónaí orthu i dtíortha cóngarach dá mbaile.

Má scrúdaíonn muid an próiseas is déanaí, an ‘Léarscáil Bhóthair’, tá le feiceáil go bhfuil fadhbanna bunúsacha roinnt leis. I dtús báire níl sé dírithe ar Rúin an Náisiún Aontaithe ach, go praiticiúil, ar ‘thoilteanas’ na Stát Aontaithe deireadh a chur leis an aighneas sa Mheánoirthear.

Ó tharla gur vótáil siad i gcoinne gach rún a cuireadh os comohair na Náisiún Aontaithe, maidir leis seo, ó bunaíodh an stát Iosraelach, is deacair a chreidiúint go gcuirfidh Geirge Bush is rialtas Mheiriceá brú ar na hIosraelaigh deireadh a chur le forghabháil na Palaistíne is na coilínigh Iosraelacha a tharraingt siar idtreo cruthú stáit Phalaistínigh a cheadú, gan fiú trácht ar Chearta Fillte na bPalaistíneach agus cúiteamh a íoc leo siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh.

Tá fadhbanna bunúsacha ag roinnt le leagan amach an Léarscáil Bhóthair chomh maith.

Is féidir comparáidí a dhéanamh idir an próiseas is deanaí agus an próiseas síochána ar theip air sna 1990í nó fágann an dá cheann mórcheisteanna an aighnis gan réiteach: ardcheannas, stádas Iarúsailéim, lonnaíochtaí Iosraelacha agus Cearta Fillte do na ‘cúig mhilliún teifeach Palaistíneach’ (níl trácht ar chúiteamh dóibh siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh sa Léarscáil Bhóthair), rud a chiallaíonn, má amharcaimid ar shampla na staire, tuilleadh éiginnteachta.

Os a choinne sin, ó tharla go bhfuil Bush i mbun feachtais toghchánaíochta cheana féin agus ag cur san áireamh an stocaireacht shaibhir shárfhorbartha Iosraelach sna Stáit Aontaithe, ní amháin gur cinnte go dteipfear ar an phróiseas nua seo, ach ní iontas ar bith é má chuirtear an locht as an teip ar na Palaistínigh nó bíodh geall go mbeidh go leor foréigin Phalaistínigh ann, cé nach ndéanfar comparáid idir seo agus gnáthfhoréigean meicnithe proifisiúnta na forghabhála Iosraelaí.

Ní féidir cearta doshéanta na dteifeach Palaistíneach a fhágáil i dtuilleamaí “comhráite” idir Iosrael agus an tÚdarás Palaistíneach.

De réir dlí idirnáisiúnta, bíonn aon comhaontú idir sealbhóir agus aon ghrúpa lonnaithe sna tailte forghafa ar neamhní má déantar díth ar chearta daonna sibhialtach, cearta fillte abhaile - cearta aisig san áireamh.

Agus é seo uilig ráite, níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh choíche nach féidir le aon síocháin bhuanseasmhach maireachtáil gan teacht ar réiteach faoi shuíomh na dteifeach Palaistíneach, is cuma cén comhaontú a sínítear idir dhá pháirtí agus cos ar bolg á imirt ag an pháirtí láidir (an Iosrael) ar an pháirtí lag (an tÚdarás Palaistíneach

author by conchubharpublication date Fri Jul 11, 2003 18:55author email cobriain at ericom dot netauthor address author phone Report this post to the editors

Ainilís chruinn agus tomhaiste.

author by katepublication date Fri Jul 11, 2003 20:43author address author phone Report this post to the editors

No one disputes the right of individuals to post news in our native tongue but for simple factor of circulation perhaps some bi-lingual option may be of more use to both the author and the reader. From what I can gather the article looks interesting, fact of the matter is I dont have the time to go and brush up me gaeilge for the sake of a few articles on indymedia. Brón!

Just an notion

author by Seáinínpublication date Sat Jul 12, 2003 03:02author address author phone Report this post to the editors

Tá an obair déanta roimhe seo ag Uachtarán Bush. Is léir go nglacann gach taobh leis an léarscáil bhóithre agus go bhfuil dúil síochana ag ceachtar acu.
Tá dóchas ann anois, a bhuíoch leis an Uachtarán Bush.

author by Palmiro Togliattipublication date Sat Jul 12, 2003 22:18author address author phone Report this post to the editors

chaith Iosrael dhá bhliain go leith i mbun troda fíochmhara i gcoinne na sibhialtach Palaistíneach, á marú, á ngortú, ag leagan a dtithe, ag scriosadh a maoin, ag cur a gcuid toibreacha ó mhaith, ag imirt scrios ar a dtailte, agus focal ní dhúirt an tUachtarán caoin cróga Bush ach amháin go mba chóir do na Palaistínigh ligint den scéimhlitheoireacht agus fáil réidh lena nUachtarán. Fad is a bhí na ngníomhartha gaisciúla seo á ndéanamh ag arm Iosraela bhí an tUachtarán Bush ag maoimh gur 'fear síochána' Ariel Sharon - feolaire Qibya agus riaghaire Ghaza - agus bhí sé ag íoc as arm Iosraela a choinneáil i riocht troda agus geilleagar Iosraela a choinneáil ó leabaidh an bháis.

Anois agus léarscáil an bhóthair glactha ag na Palaistínigh tá an tUachtarán Bush fós ag íoc as dúnmharthóirí Fhorsaí Chosanta Iosraela agus tá siad siúd fós ag leagan tithe na bPalaistíneach, tá siad fós ag reubadh a dtailte, tá na cóilíneachtaí fós a dtógail ar thalamh ghoidte na bPalaistíneach agus tá na mílte Palaistíneach fós i gcarcair agus i campaí géibhinn Iosraela gan triail ná ionchúisiú ná cúis ar bith.

A Sheáinín dhíl, má smaoiníonn tú go bhfuil an fhadhb réitithe de bharr an Uachtarán shéimh Bush agus léarscáil an bhóthair s'aige, cuimhnigh go bhfuil léarscáil eile, léarscáil éagsúil go leor, fós á chur i bhfeidhm go fisiceach sa Phalaistín, agus in ainm dílis Dé múscail!

author by Seáinínpublication date Sun Jul 13, 2003 04:39author address author phone Report this post to the editors

Nior thógadh an Róimh in aon lá amháin. Is féidir leat bheith ag gearán faoi na mionsonraí ach tá an pictiúr mór ag an t-Uachtaran Bush agus a lucht chuideachta. Aontaim leat go bhfuil aicme mór san Iosrael a dtéann thar barr agus gur mhaith leo na Pailistínigh a dhibirt as an dtír go deo. De bhrí go bhfuil córas daonlathach acú thall caithfidh an rialtas cluas a thabhairt dóibh agus dul i ngleic leis na sceimhlitheoirí sa chaoi amhain is féidir leo.

Amhail an scéal inár dtír féin, beidh tuilleadh foiréagan sula réiteofaí an cheist. Bíodh mar atá, a bhuíoch leis an t-Uachtarán Bush agus an léarscáil bhóithre tá gach dealramh ann go mbeidh síochán buan ann i gceann cúpla blian.

author by Palmiro Togliattipublication date Sun Jul 13, 2003 14:45author address author phone Report this post to the editors

I ndáiríre a Sheáinín ba bhreá liom dá mb'fhíor a bhfuil ráite agat. Mar sin féin níl mórán dóchais agam ina thaobh.

Cinnte níor tógadh an Róimh i gcúrsa lae ach séard atá ag tarlúint ar an Bhruach Thiar ná go bhfuil cúrsaí ag goil in olcais ar chúpla bealach. I dtoiseach báire tá rialtas Iosraela fós ag tógáil tithe nua sna cóilíneachtaí, rud atá faoi throimeasc de réir léarscáil an bhóthair, agus níos tábhachtaí fós, tá siad ag tógáil balla ollmhór sa Bhruach Thiar a thachtachaidh cuid mhaith de na bailte agus sráidbhailte Palaistíneacha agus a scriosfaidh cuid mhaith den talamh is fearr nó a chuirifidh bac ar na feirmeoirí goil air.

Ní dóigh liom gur comharthaí iad seo go bhfuiltear chun deireadh an cos-ar-bolg a fheiceáil.

Caithfidh rialtas Mheiriceá stad a chur leis na rudaí seo nó ní bheidh toradh ar bith le léarscáil an bhóthair. Dar ndóigh d'fhéadfainn a lán rudaí a ráit fán léarscáil chéanna agus tá sé lán fabhtanna ach mar sin féin dá mbeadh rialtas Mheiriceá sásta brú a chur ar Iosrael agus páirt a ghlacadh mar réiteoir chothrom ar chuir i bhfeidhm an léarscála is cinnte go dtiocfadh feabhsú mór ar chúrsaí. Chomh fada agus is féidir a ráit fán am seo, ní fhuil a leithéid ar siúl go fóill.

Tá na fadhbanna seo feicthe againn roimhe seo: b'iad a leithéid de fhadhbanna a mhill próiséas Oslo mar chuaigh saol na bPalaistíneach in olcais, tóigeadh cóilíneachtaí thart fán Bhruach Thiar agus bóithrí do Ghiúdaigh amháin ar fud na háite mar áis dóibh, agus tugadh an t-uafás talún do lucht na gcóilíneachtaí - é seo agus an dá pháirtí in ainm is a bheith i mbun próiséas réitithe don chomrac. Más amhlaidh a tharlaíonn le léarscáil an bhóthair fosta ní bheidh rath ar bith air.

Dála an scéil níor thug tú freagra ar bith ar an chás a rinne Seán san alt, mar atá, nach ndéanann léarscáil an bhóthair aon soláthar do chearta na dteifeach Palaistíneach.

author by Seáinínpublication date Mon Jul 14, 2003 02:23author address author phone Report this post to the editors

Caithfidh tú aird a thabhairt don Ollphuctiúr. Mionsonrai, a mhac.

author by Seánpublication date Mon Jul 14, 2003 10:09author address author phone Report this post to the editors

Tá aistriúchán déanta agam ar altanna eile atá scríofa agam go dtí seo, ach leis an fhírinne a rá "I dont have the time" chun aistriúchán a dhéanamh ar ghach alt a scríobhaim d'Indymedia.

Má tá fonn ar éinne eile an alt a aistriú go Béarla tá fáilte róimh.

Ó seo amach déanfaidh mé foclóir/glossary a chur ag deireadh mo chuid altanna agus má tá am agam iad a aistriú.

author by Seánpublication date Mon Jul 14, 2003 10:11author address author phone Report this post to the editors

Abair sin leis an 3.2-5milliúin teifeach Palaistíneach.
Thiocfadh liom leanúint ach tá sé ró-luath sa maidin.

author by palmiro togliattipublication date Tue Jul 15, 2003 00:08author address author phone Report this post to the editors

Má tá tú ag iarraidh aróint dáiríre a dhéanamh, déan é. Mura bhfuil i gceist agat ach ceap magaidh a dhéanamh díot féin, bhuel, ní fiú dom bheith ag plé leat. Is léir don saol mór nach mionsonraí iad a bhfuil luaite agam. Glacann Condoleezza rice leis, fiú!

Number of comments per page
  
 
© 2001-2024 Independent Media Centre Ireland. Unless otherwise stated by the author, all content is free for non-commercial reuse, reprint, and rebroadcast, on the net and elsewhere. Opinions are those of the contributors and are not necessarily endorsed by Independent Media Centre Ireland. Disclaimer | Privacy