New Events

International

no events posted in last week

Blog Feeds

Anti-Empire

Anti-Empire

offsite link North Korea Increases Aid to Russia, Mos... Tue Nov 19, 2024 12:29 | Marko Marjanovi?

offsite link Trump Assembles a War Cabinet Sat Nov 16, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?

offsite link Slavgrinder Ramps Up Into Overdrive Tue Nov 12, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?

offsite link ?Existential? Culling to Continue on Com... Mon Nov 11, 2024 10:28 | Marko Marjanovi?

offsite link US to Deploy Military Contractors to Ukr... Sun Nov 10, 2024 02:37 | Field Empty

Anti-Empire >>

Human Rights in Ireland
Indymedia Ireland is a volunteer-run non-commercial open publishing website for local and international news, opinion & analysis, press releases and events. Its main objective is to enable the public to participate in reporting and analysis of the news and other important events and aspects of our daily lives and thereby give a voice to people.

offsite link Trump hosts former head of Syrian Al-Qaeda Al-Jolani to the White House Tue Nov 11, 2025 22:01 | imc

offsite link Rip The Chicken Tree - 1800s - 2025 Tue Nov 04, 2025 03:40 | Mark

offsite link Study of 1.7 Million Children: Heart Damage Only Found in Covid-Vaxxed Kids Sat Nov 01, 2025 00:44 | imc

offsite link The Golden Haro Fri Oct 31, 2025 12:39 | Paul Ryan

offsite link Top Scientists Confirm Covid Shots Cause Heart Attacks in Children Sun Oct 05, 2025 21:31 | imc

Human Rights in Ireland >>

Lockdown Skeptics

The Daily Sceptic

offsite link The Ministry of Don?t Ask, Won?t Tell Sun Dec 21, 2025 19:26 | Clive Pinder
?Proper measurement creates accountability,? says Clive Pinder, as he calls for the Government to publish clear datasets on immigration and sexual offences. Then we can debate with facts rather than vibes.
The post The Ministry of Don’t Ask, Won’t Tell appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link From The Junction to The Sea Sun Dec 21, 2025 17:15 | Tom Forrester-Paton
Sydney resident Tom Forrester-Paton reflects on the Bondi beach massacre and puts forward an eight-point action plan to combat Islamic terror and reclaim the Australia he knew in his youth.
The post From The Junction to The Sea appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link The Online Safety Act is Bad for Free Speech, says Substack CEO Sun Dec 21, 2025 15:10 | Jonathan Barr
?It pushes toward something much darker: a system of mass political censorship unlike anywhere else in the western world.??Substack CEO Chris Best explains why the Online Safety Act is bad news for free speech.
The post The Online Safety Act is Bad for Free Speech, says Substack CEO appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link Appeasement 0, Jew Hatred 15 Sun Dec 21, 2025 13:10 | Ramesh Thakur
?Spare me the sermons on Islamophobia,? says Ramesh Thakur. ?We do need to have the difficult conversation on the numbers of immigration that is safe to protect and preserve Australia as a cohesive society.?
The post Appeasement 0, Jew Hatred 15 appeared first on The Daily Sceptic.

offsite link ?Offensive? Christmas Songs Could Fall Victim to Labour?s Banter Ban Sun Dec 21, 2025 11:14 | Jonathan Barr
Festive revellers may have to be careful which tunes they pick for a Christmas sing-along down at the pub, as songs like ?Baby It?s Cold Outside?, ?Do They Know It?s Christmas??, and ?Jingle Bells? might offend the staff.
The post ‘Offensive’ Christmas Songs Could Fall Victim to Labour’s Banter Ban appeared first on The Daily Sceptic.

Lockdown Skeptics >>

Voltaire Network
Voltaire, international edition

offsite link Will intergovernmental institutions withstand the end of the "American Empire"?,... Sat Apr 05, 2025 07:15 | en

offsite link Voltaire, International Newsletter N?127 Sat Apr 05, 2025 06:38 | en

offsite link Disintegration of Western democracy begins in France Sat Apr 05, 2025 06:00 | en

offsite link Voltaire, International Newsletter N?126 Fri Mar 28, 2025 11:39 | en

offsite link The International Conference on Combating Anti-Semitism by Amichai Chikli and Na... Fri Mar 28, 2025 11:31 | en

Voltaire Network >>

Cá bhfuil cearta na ndíbeartach?

category international | rights, freedoms and repression | opinion/analysis author Friday July 11, 2003 15:11author by Seán Report this post to the editors

Ní bheidh síochán sa Mheánoirthear gan cearta fillte na bPalaistíneach

Is iad na teifigh seo agus a sliocht siúd a chuimsíonn an fhadhb teifeach is mó agus is leanúnaí ar domhan, le breis agus 3.2 milliún cláraithe ag na Náisiúin Aontaithe agus, gan dabht, go leor eile nach bhfuil cláraithe ach a bhfuil cónaí orthu i dtíortha cóngarach dá mbaile.

Tá breis agus cúig mhilliúin de theifigh Phalaistíneacha ar fud na cruinne atá ag éalú ceart fillte ar a mbailte sa Phalaistín, de réir Al-Awda, an Chomhghuaillíocht don Cheart Fillte Palaistíneach sa Bhreatain.

Tá na teifigh Phalaistíneacha ríthábhachtach sa chothromóid um réiteach sa Phalaistín.

Ní ceart morálta amháin atá ann ach bunchloch dleathach, an Ceart Fillte.

Ar 11 Nollaig 1948, ghlac na Náisiúin Aontaithe le Rún 194. Deir Alt 11 den Rún:
“…ba chóir ligean do na teifigh atá ag iarraidh filleadh ar a mbailte agus cónaí go síochánta lena gcomharsana faoin dáta is inoibrithe… ba chóir cúiteamh a íoc leo siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh.”

Tá sé de dhualgas dleathach agus morálta ag na Náisiúin Aonthaithe agus ar an Phobal Idirnáisiúnta féacháil chuige go réadaítear an Ceart Fillte seo.

Gach bliain, ó shin i leith, dearbhaíodh Rún 194 d’aon ghuth - seachas guth Iosrael agus na Stát Aontaithe, beagnach gach bliain.

Soiléirítear an Rún píosa níos mó ag Rún an Fheidhmeannas Ginéaralta an Náisiúin Aontaithe 3236, a dhéanann droimscríobh, i bhFo-Alt 2, ar
“…an ceart doshéanta ag na Palaistínigh filleadh ar a mbailte agus ar a maoin, óna raibh siad díláithrithe stoite, agus glaoitear orthu filleadh.”

Pointe is fiú a lua ná go raibh Rún Críochdheighilte na NA 181 agus teacht isteach Iosrael sna NA níos moille ag brath ar an choinníoll go nglacfadh Iosrael le Rúin na Náisiúin Aontaithe bainteach leo, Rún 194 san áireamh.

I rith agus tar éis bhunú stát Iosrael, cruthaíodh beagnach 800,000 teifeach Palaistíneach trí phróiseas a dtabharfaí ‘glanadh eitneach’ air sa lá atá inniu ann, de réir Al-Awda.

Is iad na teifigh seo agus a sliocht siúd a chuimsíonn an fhadhb teifeach is mó agus is leanúnaí ar domhan, le breis agus 3.2 milliún cláraithe ag na Náisiúin Aontaithe agus, gan dabht, go leor eile nach bhfuil cláraithe ach a bhfuil cónaí orthu i dtíortha cóngarach dá mbaile.

Má scrúdaíonn muid an próiseas is déanaí, an ‘Léarscáil Bhóthair’, tá le feiceáil go bhfuil fadhbanna bunúsacha roinnt leis. I dtús báire níl sé dírithe ar Rúin an Náisiún Aontaithe ach, go praiticiúil, ar ‘thoilteanas’ na Stát Aontaithe deireadh a chur leis an aighneas sa Mheánoirthear.

Ó tharla gur vótáil siad i gcoinne gach rún a cuireadh os comohair na Náisiún Aontaithe, maidir leis seo, ó bunaíodh an stát Iosraelach, is deacair a chreidiúint go gcuirfidh Geirge Bush is rialtas Mheiriceá brú ar na hIosraelaigh deireadh a chur le forghabháil na Palaistíne is na coilínigh Iosraelacha a tharraingt siar idtreo cruthú stáit Phalaistínigh a cheadú, gan fiú trácht ar Chearta Fillte na bPalaistíneach agus cúiteamh a íoc leo siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh.

Tá fadhbanna bunúsacha ag roinnt le leagan amach an Léarscáil Bhóthair chomh maith.

Is féidir comparáidí a dhéanamh idir an próiseas is deanaí agus an próiseas síochána ar theip air sna 1990í nó fágann an dá cheann mórcheisteanna an aighnis gan réiteach: ardcheannas, stádas Iarúsailéim, lonnaíochtaí Iosraelacha agus Cearta Fillte do na ‘cúig mhilliún teifeach Palaistíneach’ (níl trácht ar chúiteamh dóibh siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh sa Léarscáil Bhóthair), rud a chiallaíonn, má amharcaimid ar shampla na staire, tuilleadh éiginnteachta.

Os a choinne sin, ó tharla go bhfuil Bush i mbun feachtais toghchánaíochta cheana féin agus ag cur san áireamh an stocaireacht shaibhir shárfhorbartha Iosraelach sna Stáit Aontaithe, ní amháin gur cinnte go dteipfear ar an phróiseas nua seo, ach ní iontas ar bith é má chuirtear an locht as an teip ar na Palaistínigh nó bíodh geall go mbeidh go leor foréigin Phalaistínigh ann, cé nach ndéanfar comparáid idir seo agus gnáthfhoréigean meicnithe proifisiúnta na forghabhála Iosraelaí.

Ní féidir cearta doshéanta na dteifeach Palaistíneach a fhágáil i dtuilleamaí “comhráite” idir Iosrael agus an tÚdarás Palaistíneach.

De réir dlí idirnáisiúnta, bíonn aon comhaontú idir sealbhóir agus aon ghrúpa lonnaithe sna tailte forghafa ar neamhní má déantar díth ar chearta daonna sibhialtach, cearta fillte abhaile - cearta aisig san áireamh.

Agus é seo uilig ráite, níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh choíche nach féidir le aon síocháin bhuanseasmhach maireachtáil gan teacht ar réiteach faoi shuíomh na dteifeach Palaistíneach, is cuma cén comhaontú a sínítear idir dhá pháirtí agus cos ar bolg á imirt ag an pháirtí láidir (an Iosrael) ar an pháirtí lag (an tÚdarás Palaistíneach

 #   Title   Author   Date 
   Maith thú!     conchubhar    Fri Jul 11, 2003 18:55 
   Cad?? or in english HAH?     kate    Fri Jul 11, 2003 20:43 
   Bíodh foighne agaibh     Seáinín    Sat Jul 12, 2003 03:02 
   a bhuí leis an uachtarán Bush...     Palmiro Togliatti    Sat Jul 12, 2003 22:18 
   Foighne, foighne     Seáinín    Sun Jul 13, 2003 04:39 
   An dtomhastar luach na foighne i mbeathaí na nAraibeach?     Palmiro Togliatti    Sun Jul 13, 2003 14:45 
   Mionsonraí     Seáinín    Mon Jul 14, 2003 02:23 
   Kate     Seán    Mon Jul 14, 2003 10:09 
   Seáinín     Seán    Mon Jul 14, 2003 10:11 
 10   Mionsonraí, an ea?     palmiro togliatti    Tue Jul 15, 2003 00:08 


Number of comments per page
  
 
© 2001-2025 Independent Media Centre Ireland. Unless otherwise stated by the author, all content is free for non-commercial reuse, reprint, and rebroadcast, on the net and elsewhere. Opinions are those of the contributors and are not necessarily endorsed by Independent Media Centre Ireland. Disclaimer | Privacy