Blog Feeds
Anti-Empire
Human Rights in IrelandIndymedia Ireland is a volunteer-run non-commercial open publishing website for local and international news, opinion & analysis, press releases and events. Its main objective is to enable the public to participate in reporting and analysis of the news and other important events and aspects of our daily lives and thereby give a voice to people.
Lockdown Skeptics
Voltaire NetworkVoltaire, international edition
|
Galway - Event Notice Thursday January 01 1970 Léacht Poiblí: 'Karl Marx agus Éire an Lae Inniu'![]() ![]() ![]() ![]() ![]() leis an staraí agus gníomhaí, Aindrias Ó Cathasaigh Dé Céadaoin, 9ú Samhain 2011, OÉ Gaillimh (NUI Galway), Siobhán Mc Kenna Theatre, 7pm Léacht faoi shaothar Karl Marx leis an staraí agus gníomhaí Aindrias Ó Cathasaigh. Dé Céadaoin, 9ú Samhain 2011, OÉ Gaillimh (NUI Galway), Siobhán Mc Kenna Theatre, 7pm Léarscáil an Champais: http://www.nuigalway.ie/campus_map/ Aindrias Ó Cathasaigh a bheas ag tabhairt an léachta seo. Scríbhneoir polaitiúil agus gníomhaí aitheanta atá ann. Is é údar ‘Karl Marx: Saothar a Shaoil’ é agus tá leabhair ar Friedrich Engels, Séamas Ó Conaighle, agus Máirtín Ó Cadhain i measc na saothar eile leis. Scríobh sé an script do shraith TG4 ‘1916: Seachtar na Cásca’, chomh maith leis an iliomad aistí is altanna i bhfoilseacháin éagsúla. Pléifidh sé bunsmaointe Marx ina léacht, agus an léargas a chaitheann siad ar chúrsaí na hÉireann faoi láthair. Beidh am ag deireadh an léachta le ceisteanna a chur agus an t-ábhar a phlé. Sa staid reatha eacnamaíochta seo is tráthúil agus is tábhachtach amharc go domhain ar na fadhbanna atá inár sochaí agus na bealaí éagsúla atá ar fáil le feabhas a chur ar chúrsaí. Is é atá muid ag iarraidh a bhaint amach anseo ná díospóireacht agus smaointeoireacht a spreagadh i measc an phobail. Má tá tuairim agat faoi chúrsaí i láthair na huaire, faoi Mharx féin, nó má tá fonn ort níos mó a fhoghlaim ar an ábhar bí ann ag an léacht seo! Tuilleadh eolais: su.gaeilge@nuigalway.ie
|