24 & 25 Márta
Beidh Tóstal na Gaeilge, mór-ócáid na Gaeilge 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, ar an 24 & 25 Márta.
TOSTAL NA GAEILGE 06: Ticéid ar Fáil ar Líne anois www.tostal.ie
Beidh Tóstal na Gaeilge, mór-ócáid na Gaeilge 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, ar an 24 & 25 Márta.
'An Chéad Ghlúin Eile' a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana. Chuige sin déanfar a chinntiú go bhfuil daoine óga rannpháirteach sa phlé agus go ndíreofar ar réimsí ábhair a bhfuil spéis ag daoine óga iontu. Ina measc déanfar cur síos ar chúrsaí fiontraíochta a úsáideann an Ghaeilge mar acmhainn eacnamaíochta, pléifear ceist na Gaeilge sa chóras craolacháin, breathnófar ar úsáid na teicneolaíochta, podchraoladh, blogáil srl agus tabharfar súil ghéar ar chúrsaí oideachais.
Ag glacadh páirte sa Tóstal, beidh, i measc cainteoirí eile, David McWilliams, craoltóir agus tráchtaire sóisialta, Cathal Goan, Stiúrthóir RTÉ, Harry McGee eagarthóir polaitíochta an Irish Examiner , Lasairfhíona Ní Chonaola, amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr , Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael , agus Muireann Ni Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta .
Chun a chinntiú go mbíonn tú i láthair ag an imeacht is mó i bhféilire na Gaeilge, cláraigh inniu! Cuir ríomhphost chuig eolas@tostal.ie le
Ainm:
Seoladh:
Agus do rogha ticéid:
Freastal ar an Tóstal (Aoine agus Satharn) EUR60
Freastal ar lá amháin (Aoine nó Satharn) EUR40
Beidh béilí, tae agus caife san áireamh sna praghsanna seo.
Mic léinn, pinsinéirí, agus daoine dífhostaithe saor in aisce leis an gcárta aitheantais cuí ach caithfidh tú clárú chun d'áit a chinntiú.
Lacáistí ar fáil ar líne nó trí ordú fóin le cárta creidmheasa (Visa, Mastercard, Laser) má ordaíonn tú roimh 21.03.2006!
Freastal ar an Tóstal (Aoine agus Satharn) EUR50
Freastal ar lá amháin (Aoine nó Satharn) EUR30
Beidh béilí, tae agus caife san áireamh sna praghsanna seo.
Is féidir ticéid a cheannach le cárta creidmheasa trí https://siopa.gaelport.com nó ar an bhfón ag 01 6794780.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.tostal.ie nó 01 6794780
CAINTEOIRI/SPEAKERS:
http://www.tostal.ie/2006/?leathanach=cainteoiri