I gcoinne deireadh le riachtanacht na Gaeilge don Ardteist
Buaileadh: Príomh-gheataí Choláiste na Tríonóide
Am: Dé Céadaoin, 16 Samhain ar a 1i.n.
Go dtí: Oifigí Fhine Gael, 51 Upper Mount Street, Dublin 2.
A Chairde Ghaeil,
D’fhógair Enda Kenny, uachtarán Fhine Gael, ar an Aoine nár chóir go mbeadh an Ghaeilge riachtanach mar ábhar scoile a thuilleadh. Dár linn tá seo scannalach agus ní ghlacfar leis. Déanfaidh sé damáiste don Ghaeilge, don chóras oideachais, agus do fhoghlaim na dteangacha go ginearálta sa tír.
Tá Conradh na Gaeilge agus Na Gaeil Óga chun agóide a dhéanamh lasmuigh d’oifigí Fhine Gael ar Chearnóg Mhuirfean ar Dé Céadaoin 16 Samhain. Bígí linn agus léirígí bhur seasamh i gcoinne an aineolais seo.