Cháin Feachtas Dlúthpháirtíochta na Palaistíne go láidir inniu an litir ón Uachtarán Bush chun Phríomhaire Iosraela Ariel Sharon agus ghoir an Feachtas leirsiú ag ambasáid na Stát Aontaith Dé hAoine 16 Aibreán ar 5.00in.
De réir urlabhraí thar ceann an Fheachtais: 'Tá sé i gceist i litir an Uachtaráin Bush cearta dlíthiúla phobal na Palaistíne agus na saoránach aonair a chur ar neamhní ar mhaithe le hIosrael. Níl aon cheart aige a leithéid a dhéanamh.
'Is é an teorainn idir Iosrael agus na Críocha Gafa an bunús dlisteanach amháin do réiteach an dá stáit. Má mhaítear mar a mhaíos litir Bush gur gá é seo a réiteach le “firicí nua ar an talaimh” táthar ag cúitiú sáruithe Iosraela ar Choinbhinsiún Shinéabha le tailte Palaistíneacha. Níl sna “firicí nua” sin ach cóilíneachtaí neamhdhleathacha agus dá mbeadh Iosrael sásta fáil réidh leo de réir dlí bheadh réiteach síochánta níos gaire dúinn i bhfad.
‘Sí an dlí idirnáisiúnta fosta adeir go bhfuil ceart ag teifigh Phalaistíneach filleadh ar a mbailte agus níl údarás ag an Uachtarán Bush an chuid seo den dlí idirnáisiúnta a scrios amach ach oiread.
‘Níl an tUachtarán Bush sásta na cúrsaí seo a phlé leis na ceannairí Palaistíneacha cé go bhfuil siad siúd sásta teacht chun réití ar maithe leis an tsíocháin, ach tá na gealltanais mhóra neamhdhleathacha seo tuillte uaidh ag Ariel Sharon le trí bliana de fheolmhach.
'San óráid ón Uachtarán Bush géilltear arís do choiriúlacht Sharon. Deir Bush go bhfuil sé d’oibligeáid ar Iosrael “bogadh i dtreo stopadh na gníomhaíochta cóilíneachta”. Ní bogadh i dtreo stoptha ach stopadh iomlán a éilíonn Plean Mitchell agus Léarscáil an Bhóthair, atá in ainm is a bheith glactha ag na Stáith Aontaithe.
'Iarann Feachtas Dlúthpháirtíochta na Palaistíne ar Rialtas na hÉireann, agus é i mbun Uachtaránachta Chomhairle na hEorpa, a rá go soileir nach nglacann an tAontas Eorpach ach amháin leis an dlí idirnáisiúnta mar bhunús do réiteach idir Iosrael agus na Palaistínigh. Ní mór don Aontas páirt fhíor-ghníomhach a ghlacadh i gceist an Mheán-Oirthir as seo amach. Is róleir le fada an lae nach aon idirghabhálaí cothrom é Rialtas na Stát Aontaithe.
Iarann muid ar gach saoránach de Bhaile Átha Cliath a thacaíos leis an tsíocháin agus leis an chóir sa Mheán-Oirthear páirt a ghlacadh in agóid lasmuigh de Ambasáid na Stát Aontaithe, Droichead an Dothra, ó 5.00in i leith Dé hAoine 16 Aibreán.’
Comments (4 of 4)
Jump To Comment: 1 2 3 4Maith sibh. Is léir nach dtuigeann Bush ná Sharon aon rud ach an chumhacht agus an bhrúidiúlacht. Caithfidh muid uile seasamh leis na Pailistínigh ina gcoinne.
Agus Bush ag lorg an vóta Jiúdach (gan bacaint le daoine na Palaistíne) ...agus an vóta Éireannach go luath.
Taobh amuigh de sin, tá áthas orm an Ghaeilge a fheiscint ar an Ionad Cumarsáide Saothair, Tá súil agam go leanfidh daoine eile an sampla seo!
Céim dhíomách é seo óráid an Bhuisigh.
Cuirígí bhur míshásamh in iúl d'Ambasáid Iosrael agus SAM. Litreacha, ríomhphost, léirsithe, an scéal a fhógairt,7rl
Caitfear a adhmháil, afach go bhfuil firicí nua ar an talamh. Ó 1967, tá leathmhilliúin Iúdach ag déanamh cónaí ar an Iarbhanc, gan trácht ar Gaza. An mbeadh sé cóir na daoine seo a ruaigeadh amach as a dtíthe?
Nior tharla a leithead riamh agus ní tharlóidh sa chás seo. Tá Gearmánaigh fós ag déanamh cónaí sa Sudetenland na Seice tar éis CD2, mar shampla.
Caithfidh na Pailistínigh plé le firicí mar atá siad seachas dul ar thóir aislingí nach mbeidh ann choíche. I ndáiríre, ni bheidh réiteach ar cheist na bPailistiní fad is ata Yasser Arafat beo, go dtachta an diabhal é. Tá ceannaireacht níos fearr tuillte acu.
Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.